Síníonn Éire agus an Ríocht Aontaithe Comhaontú maidir le Forbairt, Nuálaíocht agus Taighde Mara
Shínigh an Dr Peter Heffernan, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Foras na Mara, agus an tOll. Ian Wright, Leas-Stiúrthóir, Eolaíocht agus Teicneolaíocht, an Lárionad Náisiúnta Aigéaneolaíochta (an Ríocht Aontaithe) (NOC/National Oceanography Centre), Meabhrán Tuisceana inniu an 24 Aibreán, i láthair an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Simon Coveney, T.D., chun comhoibriú níos dlúithe agus comhghníomhaíochtaí a chothú idir Éire agus an Ríocht Aontaithe maidir le forbairt, nuálaíocht agus taighde mara.
