Comhoibriú Síneach agus Éireannach ag déanamh taighde ar algaí muirí nua ag Foras na Mara

Tá an tOllamh Cheng-Qi Fan ó Fhoras Taighde Iascaigh Mhuir na Síne Thoir (East China Sea Fisheries Research Institute) de chuid Acadamh na Síne um Eolaíochtaí Iascaigh i Shang-hai, díreach tar éis intéirneacht a chríochnú maidir le taighde ar chomhdhúile nua bithghníomhacha ó mhiocralgaí mara i bhForas na Mara.

Éire agus an tSín le Dul i mBun Comhoibriú maidir le Teicneolaíocht agus Eolaíocht Iascaigh

Shínigh an Dr Peter Heffernan, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Fhoras na Mara, agus an tUasal Liu Qing, Leas-Uachtarán Acadamh na Síne um Eolaíochtaí Iascaigh (Chinese Academy of Fishery Sciences), Meabhrán Tuisceana d’fhonn comhoibriú a fheabhsú i dtaca le teicneolaíocht agus eolaíocht iascaigh le linn cuairt trádála chun na Síne i gcuideachta an Uasail Simon Coveney, T.D., an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara.