Tugann Foras na Mara Scéalta Eolaíochta chuig Lucht Féachana Óg ar TG4

Two female school students interviewed on camera on the background of RV Tom Crean

Beidh Foras na Mara le feiceáil in dhá eipeasóid de shraith do leanaí Cúla4 ar TG4, Cois Cladaigh, rud a thabharfaidh deis don lucht féachana óg bualadh le heolaithe mara agus eolas a chur ar an taighde a chuidíonn linn aigéan na hÉireann a thuiscint, a chosaint agus a bhainistiú.

Sa chéad eipeasóid, a chraolfar Déardaoin, 24 Meán Fómhair, tabharfar an lucht féachana ar bord an RV Tom Crean  in éineacht le hAodhán Fitzgerald, Bainisteoir Oibríochtaí Soithí Taighde Fhoras na Mara. Cíorfar san eipeasóid gach gné den eolaíocht a dhéanamh ar muir ar bord soitheach taighde ilchuspóireach, agus cuirfear cuid de na gairmeacha spreagúla a fhágann gur féidir taighde mara a dhéanamh in aithne don lucht féachana. 

Ó chuaigh an soitheach úrscothach i mbun seirbhíse i mí Iúil 2022, tá sé ar cheann de na sócmhainní eolaíochta is tábhachtaí in Éirinn. Gineann an RV Tom Crean na sonraí ar a bhfuil suirbhéanna measúnaithe stoic éisc agus staidéir ríthábhachtacha ar aeráid an aigéin bunaithe, chomh maith le hainmniú cuí agus suíomh cuí Limistéar Muirí faoi Chosaint (MPAnna) agus forbairtí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta. 

Sa dara heipeasóid de chuid Fhoras na Mara, a chraolfar Déardaoin, 22 Deireadh Fómhair, beidh Macdara Ó Cuaig agus clibeáil siorcanna i gCuan Thrá Lí le feiceáil. Gheobhaidh an lucht féachana óg tuilleadh eolais ar shiorcanna, roic agus sciataí, ar an mbithéagsúlacht, ar an mbitheolaíocht mhuirí agus ar an gcaomhnú.

Rinneadh scannánú ar Cois Cladaigh in 13 láthair ar fud chósta na hÉireann. Nascann an tsraith taiscéalaíocht chósta le suíomh fomhuirí ina leanann an Captaen Póilín agus beirt eolaithe óga dá n-aistear fionnachtana. 

Tá daoine óga i gcroílár na sraithe. Glacann leanaí ó gach cearn den tír ról na ‘dTaiscéalaithe Mara’ orthu féin agus cuireann siad dúshláin i gcrích ar láthair, agus déanann eolaithe óga turgnaimh ag úsáid ábhair a bailíodh le linn a n-aistear timpeall chósta na hÉireann. Tá Seren agus Aliannah, beirt daltaí rang a sé ó Scoil Shéamais Naofa, Bunscoil Bhearna, le feiceáil in eipeasóidí Fhoras na Mara. 

Is deis iontach é Cois Cladaigh chun eolaíocht ár bhfarraigí agus ár gcóstaí a chur i láthair lucht féachana níos óige ar bhealach tarraingteach agus inrochtana. Trí léargas a thabhairt do leanaí ar an taighde atá ar siúl ar muir, ar an saol muirí timpeall ár gcóstaí agus ar na daoine atá ag obair sa réimse seo, tá súil againn a bhfiosracht faoi thimpeallacht mhuirí na hÉireann a spreagadh agus aird a tharraingt ar an ról tábhachtach atá ag an eolaíocht chun í a thuiscint agus a chosaint,” a dúirt Rick Officer, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Mara.

Déantar iniúchadh sa tsraith ar ábhair lena n-áirítear salandacht, sruthanna, fíteaplanctón, an chaoi a n-análaíonn éisc agus éifeachtaí doirteadh ola. Féachtar sa chlár freisin ar chuid de na dúshláin atá roimh chóstaí na hÉireann, idir thruailliú agus phlaistigh agus chaomhnú uisce, chreimeadh agus athrú aeráide, agus déantar iniúchadh ann ar an gcaoi ar féidir le daoine óga páirt a ghlacadh i gcosaint na timpeallachta muirí.

Is cuid thábhachtach eile den tsraith Cois Cladaigh iad gairmeacha a bhaineann leis an bhfarraige Trí theagmháil a dhéanamh le daoine atá ag obair ar fud earnáil na mara, tugann an tsraith léargas do leanaí ar na bealaí gairme a d’fhéadfadh a bheith ar fáil dóibh, lena n-áirítear an garda cósta, an iascaireacht, an dobharshaothrú, oibríochtaí tithe solais, bainistiú cuanta agus an tseoltóireacht.