Diúilicíní péarla fionnuisce Chiarraí san áireamh i gclár caomhnaithe Fhoras na Mara i Maigh Eo

L-R : P. Keena, D. Bluzaite, E. de Eyto (MI), R. O’Callaghan, R. McNamara (NPWS) with the newly arrived Mussels in Co. Mayo.

Ar an 17 Iúil, aeraistríodh 20 ceann de na diúilicíní péarla fionnuisce is neamhchoitianta in Éirinn as abhainn i gCo. Chiarraí chomh fada le hIonad Taighde Fhoras na Mara in An Fhoirnéis, Co. Mhaigh Eo, mar chuid den iarracht atá á déanamh an speiceas seo atá i mbaol criticiúil a shábháil. 

Is í An Abha Mhór ar an taobh ó thuaidh de leithinis Dhaingean Uí Chúis abhainn dhúchasach na ndiúilicíní, abhainn atá lonnaithe in LCS Chnoc Bréanainn agus sa pháirc nua, Páirc Náisiúnta na Mara. Beidh deis ag na diúilicíní aeraistrithe seo am a chaitheamh i gcomhluadar diúilicíní ó Abhainn na Daraí Duibhe (Co. Mhaigh Eo), Abhainn Fhia (Co. Dhún na nGall) agus Abhainn Ruibhe (Co. na Gaillimhe) mar chuid den chlár póraithe caomhnaithe atá á reáchtáil ag Foras na Mara, i gcomhpháirt le Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, agus Moorkens & Associates. 

Is speiceas fionnuisce atá íogair don chomhshaol é an diúilicín péarla fionnuisce, mar gheall ar a shaolré chasta agus íogaireacht ghnáthóige. Ainneoin gur féidir le diúilicíní fásta maireachtáil i gcomhair breis is 100 bliain, caitheann diúilicíní óga an chéad chúig bliana dá saol thíos sa leaba abhann, áit a bhfuil siad an-leochaileach d'athruithe ar cháilíocht an uisce agus coinníollacha abhann. Braitheann a marthanas, dá réir sin, ar ghnáthóga abhann glana, cobhsaí thar thréimhsí fada ama.

Mar gheall ar a n-íogaireacht, aistríodh na diúilicíní faoi choinníollacha a bhí á rialú go cúramach. Bhí an tréimhse aistir laghdaithe rud a chabhraigh chun strus a laghdú. Rinneadh an t-aistriú seo ag am ríthábhachtach: tá daonra na hAbhann Móire i mbaol criticiúil agus ag laghdú. Tugtar le fios i suirbhéanna atá déanta go mb’fhéidir go bhfuil níos lú ná 800 diúilicín fágtha san abhainn anois, i gcomparáid leis an 3,000 a taifeadadh in 1999. In 2010, thug an RTRÁO le fios, gan idirghabháil, go bhféadfadh an daonra ar fad a bheith imithe laistigh de roinnt blianta.

Is iad na rudaí atá ag cur brú ar na daonraí den diúilicín péarla fionnuisce ná dríodrú agus truailliú cothaitheach ó chleachtais talamhúsáide suas an abhainn, a dhíghrádaíonn gnáthóg leapa abhann atá glan agus ocsaiginithe go maith. Ainneoin go bhfuil obair á déanamh chun acmhainní dhobharcheantair na hÉireann a athbhunú, is deis é pórú i ngéibheann chun daonraí an diúilicín péarla fionnuisce a chosaint agus diúilicíní óga a fhorbairt ar féidir iad a chur isteach ina n-abhainn dhúchasach sna blianta amach romhainn.  

Is cleachtas é pórú i ngéibheann a bhfuil sé mar aidhm leis speicis atá i mbaol nó faoi bhagairt a phórú i dtimpeallachtaí rialaithe chun daonraí a chaomhnú agus tacú lena dtabhairt isteach sa timpeallacht fhiáin ag am éigin arís.

“Is deis atá sa phórú i ngéibheann chun aird a dhíriú ar dhaonraí diúilicíní an-leochaileacha, comhthéacsanna ina dtógfaidh sé blianta fada gnáthóga a athbhunú.  Feidhmíonn pórú i ngéibheann taobh le hathbhunú gnáthóige, ní ina áit. Trí acmhainn ghéiniteach daonraí atá ann cheana a chaomhnú, is féidir linn am a chur ar fáil chun díriú ar iarrachtaí athbhunaithe, agus cabhrú chun todhchaí a chinntiú le haghaidh an speicis seo a bhfuil ról lárnach aige inár n-éiceachórais fhionnuisce.” Elvira de Eyto, Foras na Mara. 

Is diúilicíní dúchasacha in aibhneacha agus lochanna Éireannacha iad diúilicíní péarla fionnuisce (Margaritifera margaritifera) agus glactar leo mar cheann de na speicis is mó atá i mbaol ar fud an domhain. Tá siad á gcosaint faoi Acht um Fhiadhúlra, 1976, agus tá siad liostaithe faoin Treoir AE maidir le Gnáthóga.

Go minic, deirtear gur speiceas buntaca é an diúilicín péarla fionnuisce a chabhraíonn chun tacú le héiceachórais abhann shláintiúla trína ghníomhaíocht scagtha nádúrtha. Ó tharla go bhfuil go leor daonraí laghdaithe go suntasach anois i gcomparáid le blianta ó shin, tá an fheidhm éiceolaíoch seo laghdaithe go mór. Cuirtear san áireamh i Straitéis Náisiúnta Chaomhnaithe na hÉireann don Diúilicín Péarla Fionnuisce gur uirlis thábhachtach é pórú caomhnaithe i ngéibheann chun cosc a chur ar laghdú suntasach daonraí.
Tarlaíonn ceann de na céimeanna is iontaí de shaolré an diúilicín nuair a ghreamaíonn larbhaí micreascópacha, ar a dtugtar glóicidiamaí, ar gheolbhaigh bradán agus breac óg. Fanann na larbhaí ar an iasc óstaigh i gcomhair suas le naoi mí sula dtiteann siad isteach sa ghairbhéal leapa abhann, áit a leanann siad ar aghaidh ag forbairt. 

Chun tacú leis an bpróiseas seo, teastaíonn saoráidí ó chláir phóraithe atá in ann tacú le diúilicíní aosacha agus iasc óstaigh sláintiúil. In An Fhoirnéis, Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo, tá saoráid tógála salmainidí fionnuisce dea-rialaithe ag Foras na Mara. 
Is é cuspóir an chláir líon mór diúilicíní óga a fhorbairt ar féidir iad a chur ar ais ina n-aibhneacha dúchasacha am éigin ionas gur féidir leo cabhrú leis an daonra atáirgthe. 

Ó bunaíodh é sa bhliain 2020, thacaigh an clár le forbairtí suntasacha a chabhraigh lenár dtuiscint ar shaolréanna an speicis sa ghorlann, chun an óstach roghnaithe a aithint agus chun díriú ar theicnící agus modhanna láimhseála dea-chleachtais chun marthanas agus táirgeadh na ndiúilicíní óga a uasmhéadú. 

Go dtí seo, tá diúilicíní óga saothraithe as cohóirt 2024/2025 agus 2025/2026. Chuir na héachtaí seo ar chumas taighdeoirí modhanna póraithe agus tógála a bheachtú agus iarracht níos fearr a dhéanamh cur chuige comhsheasmhach, inscálaithe a bhunú chun an diúilicín péarla fionnuisce a chaomhnú.

Beidh aire mhaith á tabhairt do na diúilicíní óga seo faoi choinníollacha rialaithe i gcomhair suas le hocht mbliana sula mbeidh siad á dtabhairt isteach i ngnáthóga abhann oiriúnacha arís, rud a chabhróidh chun daonraí fiáine a athbhunú agus éiceachórais fhionnuisce a threisiú le haghaidh glúnta amach anseo.