Gaillimh le Cruinniú Mullaigh an Atlantaigh a óstáil faoin eolas ar an aigéan a mhúnlóidh todhchaí na hEorpa
Beidh Gaillimh ina hionad cruinnithe do lucht taighde, nuálaíochta agus beartais aigéin na hEorpa an tseachtain seo chugainn, nuair a bheidh Cruinniú Mullaigh an Atlantaigh, Gaillimh 2026, ar siúl an 8–9 Deireadh Fómhair.
Tá an Cruinniú Mullaigh á eagrú i gcomhpháirt ag Foras na Mara, Ollscoil na Gaillimhe agus Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (ATU). Is imeacht comhlachaithe é le hUachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh in 2026, agus tá tacaíocht á tabhairt dó ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.
Is é téama an imeachta «Clár Oibre na hEorpa um Thaighde Aigéin, Nuálaíocht agus Scileanna a Chur Chun Cinn le linn Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach». Beidh an Cruinniú Mullaigh ar siúl ag tráth ríthábhachtach d’uaillmhianta na hEorpa maidir leis an aigéan. Agus an tAontas Eorpach ag iarraidh inbhuanaitheacht, slándáil, nuálaíocht agus iomaíochas a neartú, tá aitheantas níos mó á thabhairt don aigéan mar réimse straitéiseach, agus taighde agus eolas mara mar bhonn faoi dheiseanna amach anseo.
Leagtar amach i gComhshocrú an Aontais Eorpaigh um an Aigéan, a glacadh in 2025, fís uaillmhianach chun sláinte an aigéin a athbhunú, slándáil mhuirí a neartú, tacú le pobail chósta agus deiseanna eacnamaíocha inbhuanaithe ar muir a chruthú. Chun an fhís sin a bhaint amach, beidh gá le córas eolais mara atá láidir, a bhfuil dóthain acmhainní ar fáil dó agus a bhfuil na codanna de nasctha le chéile.
Beidh Cruinniú Mullaigh an Atlantaigh, Gaillimh 2026, ar siúl in Ollscoil na Gaillimhe. Tabharfaidh sé straitéisithe mór le rá i réimse an aigéin, taighdeoirí, lucht déanta beartas, nuálaithe agus ionadaithe ó phobail an Atlantaigh le chéile chun plé a dhéanamh ar conas is féidir le taighde, sonraí, teicneolaíocht, oideachas agus comhoibriú cuidiú leis an uaillmhian sin a chur i ngníomh.
Deis na hÉireann tionchar a imirt ar gheilleagar an eolais aigéin
Tá bonn láidir ag Éirinn le cur leis an bplé seo. Trí infheistíocht fhadtéarmach i dtaighde mara, i mbreathnóireacht aigéin, i mapáil ghrinneall na farraige, i mbonneagar taighde agus i gcomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta, tá cumais forbartha ag Éirinn a thacaíonn le cosaint an chomhshaoil, sábháilteacht mhuirí, gníomhú ar son na haeráide, gníomhaíocht eacnamaíoch inbhuanaithe agus nuálaíocht.
Soláthraíonn straitéis Eolas Aigéin 2030, straitéis náisiúnta na hÉireann um thaighde mara, eolas agus nuálaíocht don tréimhse 2025–2030, creat chun na cumais sin a chur chun cinn agus chun rannchuidiú na hÉireann le tosaíochtaí aigéin Eorpacha agus idirnáisiúnta a neartú.
De réir mar a bheidh geilleagar an aigéin amach anseo ag brath níos mó ar eolas agus ar shonraí, beidh na cumais sin ríthábhachtach chun tacú le hearnálacha amhail fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta, dobharshaothrú, loingseoireacht, iascach agus biteicneolaíocht mhuirí. Soláthraíonn siad freisin an fhianaise is gá chun cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le húsáid inbhuanaithe acmhainní mara agus lena gcosaint.
Tugann an t-imeacht deis do Ghaillimh aird a tharraingt ar shuíomh sainiúil an réigiúin ag an bpointe ina dtagann eolaíocht mhuirí, ardoideachas, teicneolaíocht, fiontraíocht agus pobail an Atlantaigh le chéile, agus saineolas áitiúil a nascadh le comhpháirtithe Eorpacha agus idirnáisiúnta.
Dúirt an Dr Niall McDonough, Stiúrthóir Fhoras na Mara: "Is deis shuntasach d’Éirinn é córas comhtháite, leanúnach eolais aigéin a fhorbairt. Ó bhreathnóireacht aigéin agus mapáil ghrinneall na farraige go soithí taighde, sonraí mara agus saineolas eolaíoch, is cumais straitéiseacha náisiúnta iad seo a thacaíonn le hinbhuanaitheacht, slándáil agus deiseanna eacnamaíocha. Tá bonn láidir tógtha ag Éirinn trí infheistíocht fhadtéarmach agus comhoibriú idirnáisiúnta. Is deis é Cruinniú Mullaigh an Atlantaigh, Gaillimh 2026, na buanna sin a nascadh le huaillmhianta na hEorpa agus féachaint ar conas is féidir eolas a chur i ngníomh go praiticiúil."
Dúirt an tOllamh Frances Fahy, Stiúrthóir Institiúid Ryan in Ollscoil na Gaillimhe: "Tá an tAtlantach ar cheann de na comhpháirtithe taighde is luachmhaire atá ag Ollscoil na Gaillimhe. Bíonn tionchar aige ar an áit ina bhfuilimid, ar go leor de na ceisteanna a chuirimid agus ar an taighde a dhéanaimid – ó eolaíocht an aigéin agus na haeráide go fuinneamh in-athnuaite, bithéagsúlacht agus todhchaí ár bpobal cósta. Tugann Cruinniú Mullaigh an Atlantaigh, Gaillimh 2026, deis thábhachtach dúinn ár n-aird a dhíriú amach ó Ghaillimh agus taighdeoirí, lucht déanta beartas, lucht tionscail agus pobail a thabhairt le chéile chun machnamh a dhéanamh ar conas is féidir lenár n-eolas comhroinnte ar an Atlantach tionchar a imirt ar thodhchaí na hEorpa."
Dúirt an Dr Deirdre Brophy, Ceannaire Straitéiseach ag an Ionad Taighde Mara agus Fionnuisce in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh: "Beidh todhchaí rathúil don aigéan ag brath ar an gcumas taighde agus nuálaíocht a nascadh leis na scileanna, na fiontair agus na pobail ar féidir leo torthaí nithiúla a bhaint as smaointe. Tá áthas ar ATU a bheith páirteach i gCruinniú Mullaigh an Atlantaigh, a thugann na gnéithe sin le chéile. Is láidreacht mhór é an comhoibriú do réigiúin an Atlantaigh, agus is suíomh den scoth í Gaillimh chun féachaint ar conas is féidir linn an tallann agus na réitigh phraiticiúla a fhorbairt atá de dhíth le haghaidh geilleagar gorm athléimneach atá bunaithe ar eolas."
Beidh príomhóráidí, idirphlé beartais ardleibhéil, plé iomlánach agus deiseanna líonraithe ar an gclár, agus scrúdófar ábhair lena n-áirítear:
• Ról an eolais aigéin in iomaíochas agus athléimneacht straitéiseach na hEorpa.
• Breathnóireacht aigéin, sonraí mara agus bonneagar taighde.
• Taighde agus nuálaíocht aigéin a thacaíonn le hinbhuanaitheacht agus slándáil.
• Aigéin shláintiúla tháirgiúla agus pobail chósta athléimneacha.
• Scileanna agus acmhainn amach anseo don gheilleagar gorm.
• Ról na gcomhpháirtíochtaí taighde Atlantacha agus Eorpacha maidir le tosaíochtaí comhroinnte a chur chun cinn.
Cuirfidh Cruinniú Mullaigh an Atlantaigh ardán ar fáil chun plé a dhéanamh ar conas is féidir le rialtais, taighdeoirí, lucht tionscail, oideachasóirí agus pobail chósta oibriú le chéile chun cuspóirí comhshaoil, eacnamaíocha agus slándála a chomhordú, eolas a chomhroinnt idir imchuacha farraige agus clár oibre na hEorpa um thaighde agus nuálaíocht aigéin a neartú.tu.ie
CRÍOCH
Tuilleadh Eolais:
Cruinniú Mullaigh an Atlantaigh 2026 | Cruinniú Mullaigh an Atlantaigh 2026
Clár Chruinniú Mullaigh an Atlantaigh 2026
Teagmhálaithe do na Meáin:
Foras na Mara
Sinéad Coyne, Bainisteoir Cumarsáide, Foras na Mara, g. 087 947 7090, r. sinead.coyne@marine.ie
Ollscoil na Gaillimhe
Ed Carty, Oifigeach Caidrimh leis na Meáin, Ollscoil na Gaillimhe, g. 086 417 8175, r. ed.carty@universityofgalway.ie
Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh
Regina Daly, Oifigeach Cumarsáide agus Preasa, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, g. 087 961 8355, r. regina.daly@atu.ie
