Cuireann an Foras Mara fáilte roimh mhic léinn fochéime chuig Clár Sparánachta Samhraidh 2026
Cuireann an Foras Mara fáilte an mhí seo roimh 22 mac léinn fochéime chuig a shaoráidí in Órán Mór, Co. Na Gaillimhe, agus Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo, mar chuid de Chlár Sparánachta Samhraidh 2026.
Tugann an Clár Sparánachta deis do mhic léinn taithí phraiticiúil luachmhar a fháil thar thréimhse idir ocht agus dhá sheachtain déag, ag obair i gcomhar le taighdeoirí agus le foireann an Fhorais. Cuireann an clár ar chumas rannpháirtithe a scileanna a fhorbairt, léargas a fháil ar ghníomhaíochtaí laethúla na hearnála mara, agus líonraí gairmiúla a chothú sula gcuirfidh siad a gcuid oideachais tríú leibhéal i gcrích.
Thar na blianta, chuir an clár go mór le forbairt shruth tallainne mara na hÉireann, agus tá go leor iar-rannpháirtithe tar éis dul ar aghaidh chuig gairmeacha laistigh den Fhoras Mara agus ar fud na n-earnálacha mara agus STEM níos leithne. I mbliana, tabharfaidh na mic léinn faoi shocrúcháin i réimse leathan disciplíní, lena n-áirítear faireachán ar iascach mara agus fionnuisce, aigéaneolaíocht, anailís sonraí, pleanáil spásúil mhuirí, ceimic mhuirí, socheacnamaíocht, forbairt suíomhanna gréasáin agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn amhail taighde mara sonraíbhunaithe agus aithint speiceas.
Infheistiú i dTodhchaí Mhuirí na hÉireann
Ag labhairt dó faoin gclár, dúirt an Dr Rick Officer,Príomhfheidhmeannach an Fhorais Mhara:
“Is mó ná socrúchán samhraidh é Clár Sparánachtaí an Fhorais Mhara. Is infheistíocht ríthábhachtach é i gcumas muirí na hÉireann amach anseo. Le breis agus 30 bliain anuas, tá ról lárnach aige i múnlú shruth tallainne mara na tíre, ag tabhairt rochtain dhíreach do mhic léinn ar eolaíocht, taighde agus nuálaíocht an fhíorshaoil. Trí rannpháirtithe a thumadh i dtaithí phraiticiúil, ní hamháin go bhfuilimid ag neartú a gcuid scileanna, ach táimid ag cuidiú leis an gcéad ghlúin eile d’eolaithe agus de ghairmithe a fhorbairt a thacóidh le geilleagar aigéin atá inbhuanaithe agus iomaíoch ar an leibhéal domhanda.”
Dúirt Imelda Hehir, Cathaoirleach Fhoireann Chlár Sparánachta an Fhorais Mhara:
“Tugann an Clár Sparánachta Samhraidh deis ar leith do mhic léinn taithí phraiticiúil a fháil sna réimsí atá roghnaithe acu, agus iad ag cur le taighde agus oibríochtaí tábhachtacha mara ag an am céanna. Thosaigh go leor dár bhfoireann reatha agus dár n-iarfhoireann a ngairmeacha beatha tríd an gclár seo, agus tá ról tábhachtach aige fós maidir le tacú leis an gcéad ghlúin eile de ghairmithe mara.”
Deiseanna a Leathnú trí Chomhoibriú Idirnáisiúnta
Ag tógáil ar rath Chlár Sparánachta an tSamhraidh, is i mbliana, 2026, a sheoltar Clár Intéirneachta Idirnáisiúnta nua, atá deartha chun comhoibriú domhanda i dtaighde aeráide agus mara a chur chun cinn.
Tríd an tionscnamh seo, tabharfaidh mic léinn ó Ollscoil Naomh Seoirse in Grenada faoi shocrúcháin taighde cianda, ag obair ar thionscadail a bhaineann leis an aeráid faoi chomhstiúir shaineolaithe ón bhForas Mara agus ó Ollscoil Naomh Seoirse. Tugtar tacaíocht do na hintéirneachtaí seo trí Chlár Our Shared Ocean, atá ag neartú comhpháirtíochtaí taighde le Stáit Oileánda Bheaga i mBéal Forbartha, lena n-áirítear Grenada.
Léiríonn an clár nua seo tiomantas na hÉireann do chomhpháirtíochtaí fiúntacha a chothú le náisiúin oileánda atá leochaileach ó thaobh na haeráide de agus do réitigh a chomhcheapadh ar dhúshláin dhomhanda aigéin agus aeráide. Trí mhic léinn agus taighdeoirí a nascadh thar ilchríocha, cuirfidh an tionscnamh malartú eolais chun cinn, neartóidh sé cumas taighde, agus tabharfaidh sé taithí luachmhar do rannpháirtithe ar aghaidh a thabhairt ar chuid de na saincheisteanna mara agus aeráide is práinní atá roimh an domhan inniu.
Tá Clár Sparánachta Samhraidh an Fhorais Mhara oscailte do mhic léinn fochéime ó ollscoileanna agus ó institiúidí ardoideachais a bhfuil dhá bhliain staidéir nó níos mó curtha i gcrích acu i ndisciplín ábhartha.
Osclófar iarratais ar Chlár Sparánachta Samhraidh 2027 in earrach na bliana 2027 agus fógrófar iad ar shuíomh gréasáin an Fhorais Mhara.
CRÍOCH
