Éire le Cruinniú Mullaigh an Atlantaigh 2026 a óstáil i nGaillimh le linn Uachtaránacht ar an AE
Clár Oibre Taighde, Scileanna agus Nuálaíochta Aigéin na hEorpa a Chur Chun Cinn le linn Uachtaránacht na hÉireann ar an AE
08 Meitheamh, 2026: Ar Lá Domhanda na nAigéan, d’fhógair Foras na Mara, Ollscoil na Gaillimhe agus Ollscoil
Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA), le tacaíocht ón Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, inniu Cruinniú Mullaigh an Atlantaigh, Gaillimh 2026, comhdháil chinniúnach idirnáisiúnta a bheidh ar siúl ón 8–9 Deireadh Fómhair 2026 i nGaillimh, Éire.
Ar siúl le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, tabharfaidh an Cruinniú Mullaigh ceannairí agus páirtithe leasmhara ó thaighde, beartas, tionscal agus sochaí aigéin le chéile chun todhchaí an Atlantaigh a mhúnlú laistigh de chlár oibre aigéin na hEorpa.
Ag teacht leis an téama “Clár Oibre Taighde, Scileanna agus Nuálaíochta Aigéin na hEorpa a Chur Chun Cinn le linn Uachtaránacht na hÉireann ar an AE,” díreoidh an Cruinniú Mullaigh ar thosaíochtaí ríthábhachtacha a shainaithint do thaighde an Aigéin Atlantaigh, scrúdú a dhéanamh ar riachtanais scileanna amach anseo, agus nuálaíocht a chothú chun tacú le geilleagar aigéin athléimneach agus inbhuanaithe.
Ag tráth ríthábhachtach d’inbhuanaitheacht agus comhoibriú aigéin, cuirfidh Cruinniú Mullaigh an Atlantaigh le príomhthosaíochtaí faoi Chomhshocrú Eorpach um an Aigéan, ina neartaítear ceannaireacht na hEorpa in eolaíocht agus cumas aigéin, agus ina neartaítear comhoibriú ar fud réigiún an Atlantaigh.
Ag labhairt dó ag an bhfógra, dúirtan Dr Niall McDonough, Stiúrthóir Seirbhísí Beartais, Faisnéise agus Taighde ag Foras na Mara:
“Cuireann Lá Domhanda na nAigéan i gcuimhne dúinn cé chomh ríthábhachtach is atá ár n-aigéan dár n-aeráid, dár ngeilleagar agus dár bpobail. Tabharfaidh Cruinniú Mullaigh an Atlantaigh i nGaillimh 2026 ceannairí agus saineolas le chéile ó ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin chun dul chun cinn a spreagadh in eolas agus nuálaíocht aigéin, agus chun an tAtlantach a chur i gcroílár thodhchaí aigéin na hEorpa.”
Beidh seisiúin iomlánacha ardleibhéil, idirphlé straitéiseach agus plé comhoibríoch mar chuid den chlár dhá lá, chomh maith le sraith imeachtaí eolaíocha agus sóisialta a thaispeánfaidh taighde ceannródaíoch, nuálaíocht i gcleachtas, agus rannpháirtíocht phobail trasna an Atlantaigh.
Is suíomh idéalach don chruinniú tábhachtach seo é Gaillimh, atá suite ar chósta Atlantach na hÉireann agus ina bhfuil éiceachóras taighde agus nuálaíochta mara bríomhar.
Fógrófar tuilleadh sonraí, an clár agus clárú, sna seachtainí amach romhainn.
CRÍOCH
