Tuarascáil Tionchair Bhliantúil 2025 seolta ag Foras na Mara

Annual Report 2025 cover with branded illustration

Tá a Thuarascáil Tionchair Bhliantúil 2025 eisithe ag Foras na Mara, ina léirítear na héachtaí suntasacha agus na tionchair fhiúntacha a bhain an eagraíocht amach le bliain anuas.

Tá rogha de chás-staidéir spéisiúla atá ailínithe le gach ceann de ocht dtosaíocht straitéiseacha Fhoras na Mara sa Tuarascáil Tionchair Bhliantúil 2025, mar aon le teistiméireachtaí ó pháirtithe leasmhara a bhain leas as seirbhísí, comhairle agus eolas ríthábhachtach arna soláthar ag Foras na Mara. Cuireann an tuarascáil buaicphointí tábhachtacha na bliana i láthair freisin, ina dtugtar léargas ar leithead, scála agus cáilíocht ghníomhaíochtaí na hInstitiúide.  

Dúirt Dochtúir Rick Officer, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Mara, “Léiríonn an Tuarascáil Tionchair Bhliantúil an réimse oibre a dhéanaimid san Fhoras, an fáth a ndéanaimid í, agus an tionchar atá aici ar an earnáil mhuirí in Éirinn. Trí thuairisciú bliantúil a dhéanamh ar ár dtionchair, bíonn sé mar aidhm againn na buntáistí inláimhsithe a bhaineann lenár gcuid oibre agus ár gcuntasacht i leith na dtosaíochtaí straitéiseacha a threoraíonn ár n-eagraíocht a thaispeáint.

“Táimid an-bhródúil as ról Fhoras na Mara maidir le sonraí ardluacha, anailís agus taighde eolaíocha, agus comhairle shaineolach a sholáthar don Rialtas, don tionscal agus don tsochaí. Bliain i ndiaidh bliana, bímid ag baint ár bhfís amach maidir le bheith mar cheannaire domhanda in eolas na haigéin, rud a chumhachtaíonn Éire agus a muintir chun saibhreas ár n-aigéin a chosaint agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe.”

Léiríonn Tuarascáil Tionchair Bhliantúil 2025  an tionchar suntasach atá ag foireann Fhoras na Mara ar fud na hÉireann agus go hidirnáisiúnta mar gheall ar an tiomantas, saineolas agus nuálaíocht atá acu.

Ar na 10 cás-staidéar a cuireadh i láthair sa tuarascáil tá:


•    Modh le stoc géiniteach a shainaithint ina chúis le hiascach scadán a athoscailt
Trí chlár taighde comhoibríoch idir Foras na Mara agus a chomhpháirtithe, forbraíodh agus bailíochtú modh nua le stoc géiniteach a shainaihthint. Ligeann sé do scadáin aonair a bheith sannta go cruinn dá bpobal tionscnaimh i Roinn 6a (ó thuaidh d'Éirinn agus siar ó Albain). 
Mar thoradh ar an gcur chuige measúnaithe nua seo atá bunaithe ar eolaíocht, athosclaíodh iascach scadán. Bhí tionchar tábhachtach aige sin ar an tionscal iascaireachta, rud a thug rochtain ar ais ar acmhainn luachmhar don chabhlach. Chuir an modh nua feabhas ar an inbhuanaitheacht freisin trí neamhchinnteacht i measúnuithe stoic a laghdú, rud a chinntíonn go bhfuil na rátaí saothraithe oiriúnach do gach pobal scadán.

•    An stoirm a chur tharainn: ról ríthábhachtach Líonra Breathnóireachta Baoithe Shonraí Mara na hÉireann (IMDBON) le linn Stoirm Éowyn 
Bunaíodh IMDBON, atá á bhainistiú ag Foras na Mara i gcomhar le Met Éireann, beagnach 25 bliain ó shin chun faisnéis riachtanach meitéareolaíochta agus staid na farraige a sholáthar do réamhaisnéiseoirí, d’úsáideoirí mara agus do thaighdeoirí. Feabhsaíonn na sonraí sin cruinneas agus raon ama réamhaisnéisí aimsire na mórthíre agus an chósta chun sábháilteacht ar muir a fheabhsú. I measc na ndálaí a bhain le teacht Stoirm Éowyn i mí Eanáir 2025, bhí ról lárnach ag na baoithe IMDBON trí thomhais fhíor-ama, gan bhriseadh ar shonraí aigéin agus atmaisféaracha a sholáthar i measc dálaí fiánta, rud a chuir ar chumas Met Éireann foláirimh chruinne gála agus suaille a eisiúint. 
Sholáthair an líonra baoithe aimsire sonraí fíor-ama aigéin agus aimsire do sheirbhísí réamhaisnéise aimsire, rud a chabhraigh le beatha a shábháil, bonneagar a chosaint, agus ár dtuiscint eolaíoch ar teagmhais adhaimsire a fheabhsú.

•    Mapáil ghrinneall na farraige in uiscí na hÉireann: ár dtuiscint ar éiceachórais mhuirí a mhéadú agus tacú le bainistíocht inbhuanaithe acmhainní mara
Foireann ildisciplíneach í Seirbhísí Mapála Ardleibhéil Fhoras na Mara a bhfuil taithí nach beag aici ar iniúchadh mara, mapáil ghrinneall na farraige, agus taighde agus nuálaíocht. Ba chéim ríthábhachtach í bunú na foirne sin ag an Institiúid in 2003, chun tacú le Suirbhé Náisiúnta Ghrinneall na Farraige in Éirinn agus le clár INFOMAR a tháinig ina dhiaidh, chun stádas mar eiseamláir dhomhanda i mapáil ghrinneall na farraige a bhaint amach d’Éirinn. 
Tá na sonraí a fhaightear ó chlár mapála ghrinneall na farraige in Éirinn ríthábhachtach dár dtuiscint ar éiceachórais mhuirí agus chun an mhuirthimpeallacht a chosaint. Tá ról ollmhór ag na sonraí sin freisin i bhforbairt ár ngeilleagair eolais mhuirí agus i dtacaíocht a thabhairt do phleanáil spásúil mhuirí agus do chinnteoireacht le haghaidh bainistíocht inbhuanaithe acmhainní muirí.

•    Comhairle ríthábhachtach faoi bheartas á cur ar fáil chun maolú a dhéanamh ar thionchar dhúnadh Chalafort Caergybi ar an tionscal agus ar an bpobal
I lár mhí na Nollag 2024, b'éigean do Chalafort Caergybi i dTuaisceart na Breataine Bige dúnadh mar gheall ar dhamáiste mór stoirme do dheilfín múrála a chuireann ar chumas soithí dul i dtír sa chalafort. Mar thoradh air sin, bhí drochthionchar ar sheirbhísí paisinéirí agus lastais araon - chuir an dúnadh isteach ar shlabhraí soláthair ríthábhachtacha ag ceann de na tréimhsí loingseoireachta ba thábhachtaí den bhliain, roimh thrádáil na Nollag. 
Thug Oifig Forbartha Muirí na hÉireann ag Foras na Mara comhairle faoi bheartas don Roinn Iompair maidir le dúnadh Chalafort Caergybi mar gheall ar an damáiste stoirme. Tiomsaíodh an chomhairle i bhfíor-am agus cuireadh ar fáil í trí Thascfhórsa Aire de réir mar a nochtadh iarmhairtí iomlána dhúnadh an chalafoirt agus is gné lárnach í sna bearta maolaithe agus téarnaimh a cuireadh i bhfeidhm.

•    An Rannán Aeráide Aigéin agus an Suirbhé um Múráil Dhomhain - ag bailiú sonraí riachtanacha fadtéarmacha aigéin agus aeráide le breis agus fiche bliain
Díríonn an príomhshuirbhé eolaíoch, a dhéantar gach bliain ar bord an RV Celtic Explorer, ar uiscí doimhne in Umar Rocal agus ar uiscí scairbhe amach ó chósta thiar na hÉireann. Tá raon feidhme geografach fairsing ag an suirbhé, a chlúdaíonn réigiúin dhinimiciúla in Umar Rocal, tairseach d'iompar uisce, teasa agus salainn ón Atlantach Thoir Thuaidh go dtí na farraigí Nordacha. Cabhraíonn na breathnuithe fadtéarmacha ón suirbhé (a thosaigh in 2004) le monatóireacht a dhéanamh ar athrú aeráide aigéin, le réamhaisnéisí aimsire agus aeráide aigéin a fheabhsú, agus le tacú le bainistíocht inbhuanaithe ár muirthimpeallachta.

Seo a leanas roinnt buaicphointí tábhachtacha atá ag Foras na Mara ó 2025:

Sábháilteacht Bia a Chinntiú trí Chlár Sábháilteachta Bia Mara Fhoras na Mara
Trí shraith chuimsitheach Clár Monatóireachta Sábháilteachta Sliogéisc Fhoras na Mara, rinneadh anailís dhian ar shamplaí sliogéisc in 2025 chun a fháil amach an raibh bitocsainí mara i láthair (thart ar 2,500 sampla sliogéisc), baictéir agus víris dhaonna (thart ar 1,000 sampla sliogéisc) agus chun speicis dhíobhálacha miocralga in uisce a fháil amach (thart ar 3,500 sampla uisce). Ina theannta sin, lean Foras na Mara lena chlár monatóireachta arna cheadú ag an gCoimisiún Eorpach maidir le hiarmhair cheimiceacha in iasc eite don earnáil dobharshaothraithe. Cinntíonn an Clár Sábháilteachta Bia Mara na leibhéil is airde sábháilteachta bia agus comhlíonadh ceanglais reachtúla agus cinntíonn sé freisin ardleibhéal muiníne tomhaltóirí i dtáirgí sliogéisc na hÉireann.

Sonraí Ardluacha agus Taighde ar Phleanáil Spásúil Mhuirí a Chur i gCrích
Chuir Foras na Mara sonraí agus seirbhísí ardluacha ar fáil don an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide i rith 2025, chun tacú le tosaíochtaí náisiúnta pleanála muirí. I measc na ranníocaí suntasacha bhí sonraí agus anailís do Chomhar Fuinnimh na Mara Thuaidh agus do Thionscnamh Abhantraí na Mara Thuaidh Mór, ag tacú le ról na hÉireann i gcomhar muirí réigiúnach. Chomh maith leis sin in 2025, rinne foireann Socheacnamaíochta Fhoras na Mara dul chun cinn suntasach maidir leis an gcumas náisiúnta a neartú chun sonraí agus fianaise láidre a chur ar fáil chun tacú le Pleanáil Spásúil Mhuirí agus forbairt inbhuanaithe Gheilleagar Gorm na hÉireann.

Iascaigh Inbhuanaithe a Chumasú trí Mheasúnuithe Eolaíocha ar Stoc
Trí shuirbhéanna, monatóireacht agus sampláil ar ghabháil éisc i rith 2025, chuir Foras na Mara stádas oibiachtúil stoic ar fáil maidir le hacmhainní iascaireachta mara ríthábhachtacha, agus an eolaíocht is fearr atá ar fáil in úsáid aige. Cuireann an obair mheasúnaithe stoic a dhéanann an Institiúid ar chumas thionscal na hiascaireachta straitéisí a oiriúnú, fómhair a bharrfheabhsú agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach a chinntiú, rud a dhaingníonn bunchloch Gheilleagar Gorm na hÉireann.

Infheistíocht nua €12 mhilliún i dTaighde Mara 
D'infheistigh Clár Maoinithe Taighde Mara iomaíoch de chuid Fhoras na Mara €12 mhilliún san iomlán faoi ghlaonna agus dámhachtainí nua in 2025. Bhí €7 milliún i nDámhachtainí Tionscadail agus €5 mhilliún i nDámhachtainí Ama Loinge ann. 
Faoin dara glao ar Ghradaim Taighde le haghaidh Beartais, bronnadh maoiniú €900,000 san iomlán ar naoi dtogra rathúla a d'aithin ranna nó gníomhaireachtaí Rialtais mar ábhair bheartais nó mar shaincheisteanna ina bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar bhearna eolais reatha trí thaighde luathaithe.

Laghdaíonn Cabhlach an tSoithigh Taighde Astaíochtaí Carbóin agus Úsáid Fuinnimh 
Thug Foras na Mara isteach roinnt tionscnamh le linn 2025 chun astaíochtaí fuinnimh agus carbóin a laghdú ar shoithí taighde mara na hÉireann, an RV Tom Crean agus an RV Celtic Explorer. Sampla amháin is ea an méadú ar úsáid Ola Glasraí hidreachóireáilte mar bhreosla athsholáthair ísealcharbóin ar na soithí, i ndiaidh triail rathúil in 2024. Sa bhliain 2025, baineadh laghdú comhcheangailte de 36% ar astaíochtaí carbóin amach sa dá shoitheach, rud a d’fhág go raibh coigilteas de 2,141 tonna CO₂ mar thoradh air.

Féach  Tuarascáil Tionchair Bhliantúil Fhoras na Mara 2025.

CRÍOCH  
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Sinéad Coyne, seoladh riomphoist - sinead.coyne@marine.ie uimhir fóin póca. +353 (0)87 947 7090
Kathleen Sweeney, seoladh riomphoist - Kathleen.Sweeney@marine.ie uimhir fóin póca. +353 (0)87 094 5754
An Oifig Cumarsáide, Foras na Mara communications@marine.ie t. +353 (0)91 387 200
Nótaí an Eagarthóra:
Foras na Mara
Is í Foras na Mara gníomhaireacht stáit na hÉireann a bunaíodh faoin Acht um Fhoras na Mara, 1991, chun taighde agus forbairt mhuirí a dhéanamh, a chomhordú, a chur chun cinn agus cúnamh a thabhairt dóibh, agus chun seirbhísí rialtais a sholáthar a chuireann eolas ar fáil do cheapadh beartais, rialáil agus bainistíocht inbhuanaithe limistéar muirí agus acmhainní mara na hÉireann. Cuireann an Institiúid tacaíocht ar fáil trí réimse seirbhísí eolaíochta, comhairleacha agus forbartha eacnamaíche.