Tír Faoi Thoinn – The Land Beneath the Waves

Taispeántas nua faoi Eolaíocht na Mara i Músaem Cathrach na Gaillimhe

Rick Officer, Lea Delhaise and President Catherine Connolly at the opening of the Exhibition.

Ábhar mórtais do Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe Tír Faoi Thoinn – The Land Beneath the Waves, a chur ar siúl, taispeántas nua de shaothar grianghrafadóireachta faoin sáile trína bhfaightear amharc ar shaol na mara i gCuan na Gaillimhe.

Comhairleoir Mike Cubbard, Méara Chathair na Gaillimhe a sheol an taispeántas Dé Máirt, an 10 Feabhra 2026 ag ócáid speisialta i Músaem Cathrach na Gaillimhe. I measc na gcainteoirí ag an ócáid, bhí an tUachtarán na hÉireann Catherine Connolly, Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, agus Adam Stoneman, Stiúrthóir Cúnta Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe, aird á tharraingt acu uilig ar thábhacht an taispeántais ó thaobh cúrsaí cultúir, eolaíochta agus timpeallachta.

Deir an Comhairleoir Mike Cubbard, Méara Chathair na Gaillimhe: “Meabhraíonn Tír Faoi Thoinn dúinn go bhfuil áille agus flúirse ag baint lena maireann i gCuan na Gaillimhe. Tugann grianghraif John Costelloe léargas eile dúinn ar an réimse seo ar gnáth dúinn breathnú amach air, tuiscint níos fearr ar an éagsúlacht iontach a ghabhann lena maireann faoin uisce ann agus an gá géar atá le hoibriú in éineacht lena chosaint ar an truailliú agus ar an athrú aeráide atá ina bhagairt dó.” 

Faoi dhroim na farraige i gCuan na Gaillimhe, tá réimsí saoil atá iontach ilchineálach agus beo bríomhar. Tugann Tír Faoi Thoinn – The Land Beneath the Waves an deis is annamh do chuairteoirí amharc a fháil ar réimsí ceilte an duibheagáin trí shaothar iontach grianghrafadóireachta ar léiriú é ar shaol na mara nach mbíonn le feiceáil ón gcladach.

Cuirtear i láthair sa taispeántas saothar John Costelloe, bitheolaí muirí a raibh clú freisin ar a chuid grianghrafadóireachta, agus léirítear lena chuid íomhánna a chasta agus a shoscriosta atá na héiceachórais mara díreach amach ón gcladach. Cuirtear ar chumas an chuairteora, mar gheall ar an amharc trí lionsa John, tuiscint níos glinne a fháil ar ghnáthóga ar iondúil ceilte orthu iad, agus ar an ngá géar atá leis na gnáthóga sin a chosaint.

Ba mhór i gceist John Costelloe maidir leis an mbitheolaíocht mhuirí agus bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Aquafact sa bhliain 1986, comhlacht comhairliúcháin timpeallachta mara Éireannach. Is iontach an oidhreacht ghrianghrafadóireachta toradh a chuid dúthrachta maidir leis an saol faoi thoinn agus a chuid grinnis leis an gceamara agus beidh sin ina spreagadh i gcónaí ag na glúnta a thagann ina dhiaidh, maidir le réimsí mara a scrúdú, a thuiscint agus a chaomhnú.

Beidh Tír Faoi Thoinn – The Land Beneath the Waves ar siúl idir Feabhra 2026 agus Meitheamh 2026 i Músaem Cathrach na Gaillimhe.

Beidh taitneamh le baint ag cuairteoirí as réimse leathan taispeántas atá ar siúl faoi láthair sa Mhúsaem, ina measc Surrounded by Stone; Keepers of the Gael | Caomhnóirí na nGael; Revolution in Galway, 1913–23; The Galway Hooker; The Claddagh: A Triumph of Unconscious Beauty; agus The Wild Atlantic – Sea Science.

Uaireanta oscailte Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe: Máirt go Satharn, 10:00 r.n. – 5:00 i.n. (dúntar na gailearaithe ag 4:45 i.n.) Cead isteach SAOR IN AISCE.

Tá tuilleadh eolais faoi thaispeántais agus faoi imeachtaí eile ar fáil ar www.GalwayCityMuseum.ie.

Oibríonn Músaem Cathrach na Gaillimhe faoi choimirce Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

CRÍOCH Tá tuilleadh eolais do lucht na meán cumarsáide ar fáil ó Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe. Ríomhphost:

Museum@GalwayCity.ie | Teil.: (091) 532460 | Suíomh Idirlín: www.GalwayCityMuseum.ie