Lá Bronnta Sparánachtaí Fhoras na Mara 2026

2026 Bursars and their supervisors at the Marine Institute headquarters

TBhí deis ag grúpa 2026 de mhic léinn Chlár Sparánachtaí Fhoras na Mara a saothar a thaispeáint do gach duine ar an Lá Bronnta Sparánachtaí bliantúil ar an 23 Iúil i gceanncheathrú Fhoras na Mara i nGaillimh.

Tugann an clár seo deis do mhic léinn fochéime a bheith ag foghlaim ó shaineolaithe atá ag obair i bForas na Mara agus úsáid a bhaint as a gcuid oideachais féin chun cur leis an obair phraiticiúil atá á déanamh ag Foras na Mara.

Ar an lá, tugadh deis do na sparánaithe na héachtaí a bhain siad amach i rith an tsamhraidh a chur i láthair agus dhírigh siad go háirithe ar an tionchar a bhí ag a gcuid oibre ar an bhForas agus ar an bpobal a bhfuil an Foras ag freastal air. Roinn siad eolas maidir lena ngníomhaíochtaí ar phóstaeir freisin agus chaith painéal moltóirí súil ar na póstaeir seo. 

Rinne an Dr Rick Officer, POF Fhoras na Mara, mar aon le hAoife O’Sullivan, Oifigeach Eolaíochta agus Teicniúil agus Sheena Fennell, Teicneoir Seirbhísí Muirí Amach ón gCósta ó Lóistíocht Mhuirí P&O, anailís ar gach saothar agus bhronn siad duaiseanna ar na cuir i láthair agus ar na póstaeir is fearr.

Bronnadh duaiseanna ar cheathrar sparánaithe as an obair iontach a rinne siad ar a gcuir i láthair agus póstaeir. Is iad seo a leanas na sparánaithe:
•    Gaurav Patil (Tacaíocht don Chreat Bainistíochta Cáilíochta do Bhainistíocht Sonraí)
•    Kevita Douglas (Luachshocrú Feamainne Sargasaí agus Creataí Beartais sa Mhuir Chairib)
•    Saoirse Moore (Tionscadal Acmhainní Daonna & Tacaíochtaí Córas)
•    Shane King (Maoirseacht Sonraí Aigéaneolaíochta)

Kevita Douglas faoin gcur i láthair a dhéanamh: ‘Bhain mé an-taitneamh as an obair a bhí déanta agam a mhíniú do phobal a raibh spéis dháiríre acu sa mhéid a bhí á rá agam. Bhí sé deas freisin an deis a fháil éisteacht leis na sparánaithe eile ag caint faoin gclár iontach seo.’

Saoirse Moore do shuntas an lae: ‘Bhí sé iontach gur chuir comhghleacaithe i bhForas na Mara spéis san obair atá á déanamh againn agus inár gcur i láthair. Bhí na sparánaithe ar fad buíoch as an tacaíocht a bhí á cur ar fáil sa seomra an lá sin. Níl agam ach cuimhní maithe faoin obair a rinne mé i rith an tsamhraidh, agus táim dóchasach faoin méid a éireoidh liom a dhéanamh amach anseo.’

Thréaslaigh an Dr Rick Officer, POF Fhoras na Mara, leis na sparánaithe as a gcuid éachtaí agus ghabh sé buíochas leo as an obair mhór a rinne siad i rith an tsamhraidh; ‘Cúis dóchais é i gcónaí an tionchar a bhíonn ag ár sparánachtaí laistigh d’Fhoras na Mara a fheiceáil le mo shúile féin, agus ní eisceacht ar bith í an bhliain seo. I ndiaidh dóibh an méid a bhí foghlamtha sa suíomh praiticiúil a úsáid, d’éirigh leis na sparánaithe tuilleadh forbairt a dhéanamh ar a gcuid scileanna agus tá siad breá ábalta anois leanúint ar aghaidh leis an obair san earnáil eolaíochta. Is daoine cumasacha iad agus tá fonn oibre orthu - guím gach rath orthu!’

Thagair Sheena Fennell ó Lóistíocht Mhuirí P&O don obair a rinne na sparánaithe freisin; ‘Bhain mé an-taitneamh as an deis seo a bheith páirteach sa phainéal moltóireachta inniu. Tá an clár seo an-tábhachtach chun tacú leis na mic lénn rannpháirteacha, tugann sé deis dóibh páirt a ghlacadh in imeachtaí spéisiúla. Bhí mé an-tógtha leis an méid a bhí ar eolas ag na sparánaithe; táim lánchinnte go n-éireoidh go breá leo amach anseo.’

Beifear ag glacadh le hiarratais ar chéad Chlár Sparánachta eile Fhoras na Mara ag tús 2027. Má ritheann aon cheist leat, déan teagmháil le bursarapplications@marine.ie.

CRÍOCH