Nochtann Foras na Mara an teicneolaíocht atá taobh thiar de réamhaisnéisí stoirme na hÉireann
Nochtfaidh Foras na Mara an chaoi a n-úsáideann Éire baoithe amach ón gcósta, líonraí breathnóireachta aigéin agus sonraí fíor-ama chun cabhrú le stoirmeacha an Atlantaigh a thuar, ag ócáid phoiblí saor in aisce i Músaem Cathrach na Gaillimhe Dé hAoine, an 18 Meán Fómhair 2026, ó 1.00pm go 1.50pm.
Tabharfaidh 'Cén chaoi a bhfuil a fhios againn go bhfuil stoirm ag teacht?' léargas don phobal ar an teicneolaíocht agus ar na líonraí breathnóireachta aigéin a chabhraíonn le haimsir fhoircneach a thuar, monatóireacht a dhéanamh ar chórais aimsire, agus cruinneas réamhaisnéise a fheabhsú.
Gheobhaidh rannpháirtithe léargas ar na teicneolaíochtaí a thaifeadann dálaí atmaisféaracha agus aigéin i bhfíor-am agus foghlaimeoidh siad faoin gcaoi a n-úsáidtear na breathnuithe sin freisin chun stoirmeacha a tharla san am a chuaigh thart a anailísiú. Cuidíonn an obair sin le heolaithe samhlacha réamhaisnéise a thástáil agus a fheabhsú.
Ag croílár an phlé beidh Líonra Breathnóireachta Baoithe Sonraí Mara na hÉireann (IMDBON), atá á bhainistiú ag Foras na Mara. Tá cúig bhaoi amach ón gcósta sa líonra, agus bailíonn siad tomhais fíor-ama go leanúnach ar staitisticí tonnta, luas agus treo na gaoithe, brú an atmaisféir, teocht an aeir agus teocht dhromchla na farraige. Tarchuirtear na sonraí in aghaidh na huaire chuig Met Éireann, agus ansin roinntear iad go hidirnáisiúnta tríd an gCóras Teileachumarsáide Domhanda agus úsáidtear iad chun tacú le réamhaisnéis na haimsire in Éirinn agus níos faide i gcéin.
Míneoidh an Dr Guy Westbrook, Teicneoir um Bonneagair Taighde Mara ag Foras na Mara, an chaoi a mbailíonn teicneolaíochtaí breathnóireachta aigéin na hÉireann sonraí ríthábhachtacha mara agus aimsire.
“Tá cumas breathnóireachta aigéin den chéad scoth tógtha ag Éirinn, rud a chuireann faisnéis riachtanach ar fáil gach uair an chloig de gach lá,” a dúirt an Dr Westbrook.
“Táim ag tnúth le léargas a thabhairt ar an gcaoi a gcuidíonn ár mbonneagar taighde linn stoirmeacha, amhail Stoirm Éowyn, a thuiscint, léargas a fháil ar dhálaí athraitheacha na n-aigéan, agus tacú le cinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise.”
Léiríodh luach na mbreathnuithe sin le linn Stoirm Éowyn in 2025, ceann de na stoirmeacha ba shuntasaí a bhuail Éire le blianta beaga anuas. Le linn na stoirme, ghabh líonra IMDBON tomhais aigéanacha agus atmaisféaracha gan bhriseadh, ag soláthar faisnéise criticiúla a thacaigh le réamhaisnéisí aimsire agus rabhaidh mhuirí de réir mar a threisigh an stoirm go tapa thar an Atlantach agus a chuaigh chun cinn thar Éirinn.
Taobh amuigh de réamhaisnéis na stoirme, tá ról ríthábhachtach ag córais bhreathnóireachta aigéin na hÉireann maidir le tuiscint a fháil ar athrú aeráide agus ar a thionchair. In éineacht leis an líonra baoi, oibríonn Foras na Mara réimse bonneagar taighde, lena n-áirítear snámháin uathrialaithe, faoileoirí aigéin, múrálacha domhainfharraige, tomhsairí taoide, baoithe toinne agus suirbhéanna aeráide aigéin. Le chéile, soláthraíonn na córais seo na breathnuithe fadtéarmacha is gá chun réamhaisnéis na n-aigéan a fheabhsú, chun monatóireacht a dhéanamh ar athrú comhshaoil agus chun cur le cláir idirnáisiúnta taighde aeráide.
I gcomhthráth leis an ócáid, seolfaidh Foras na Mara sraith nua d’agallaimh ghearra físe ina mbeidh eolaithe a úsáideann breathnuithe aigéin, samhaltú uimhriúil agus intleacht shaorga le chéile chun léargas nua a fháil ar phróisis mhuirí agus chun cumais réamhaisnéise a fheabhsú.
Tabharfaidh an tsraith léargas inrochtana ar na daoine, ar an teicneolaíocht agus ar an nuálaíocht a chabhraíonn le hÉirinn a timpeallacht aigéin a thuiscint agus a bhainistiú ar bhealach níos fearr. Roinnfear físeáin ar bhealaí meán sóisialta Fhoras na Mara.
Tá an ócáid phoiblí saor in aisce agus oscailte d'éinne a bhfuil suim acu san aimsir, stoirmeacha, aeráid, teicneolaíocht nó eolaíocht mhuirí.
Sonraí na hÓcáide
Cén chaoi a bhfuil a fhios againn go bhfuil stoirm ag teacht?
Dáta: 18 Meán Fómhair 2026
Ionad: Músaem Cathrach na Gaillimhe
Cead isteach: Saor in aisce, tá sé riachtanach áirithint a dhéanamh. Cuir ríomhphost chuig Museum@GalwayCity.ie chun áirithint a dhéanamh, agus glaoigh ar an Músaem ar (091) 532460 chun tuilleadh sonraí a fháil.
