Leagann Foras na Mara Caighdeáon Nua amach san Inbhuanaitheacht le deimhniú ISO 50001
Bhain Foras na Mara deimhniú ISO 50001 amach, an caighdeán atá aitheanta go hidirnáisiúnta le haghaidh córais bainistíochta fuinnimh, a leagann béim ar chloch mhíle shuntasach ina thiomantas i leith inbhuanaitheachta, freagracht comhshaoil agus barr feabhais oibríochtúil.
Baineadh é seo amach i mí Bealtaine 2026, léiríonn an deimhniú seo ceannaireacht an Fhorais i mbainistíocht fuinnimh agus dearbhaíonn sé tiomantas seanbhunaithe i leith feabhas a chur ar feidhmiú fuinnimh ina háiseanna, saotharlanna, hárthaí taighde, agus seirbhísí tacaíochta.
Mar gníomhaireacht náisiúnta na hÉireann le haghaidh taighde, teicneolaíocht, forbairt agus nuálaíocht mara, tá ról suntasach ag Foras na Mara maidir le tacaíocht a thabhairt don bhainistíocht inbhuanaithe d'acmhainní mara na hÉireann. Agus aitheantas á thabhairt do thionchar comhshaoil dá hoibríochtaí, chuir an Foras éifeachtúlacht fuinnimh agus bainistíocht fhreagrach ar acmhainní i bhfeidhm ina gníomhaíochtaí ó lá go lá agus ina pleanáil straitéiseach.
Soláthraítear le ISO 50001 creat atá aitheanta ar fud an domhain d'eagraíochtaí chun a gcórais bhainistíocht fuinnimh a bhunú, a chur i bhfeidhm, a chothú, agus feabhas leanúnach a chur orthu. Léiríonn an deimhniú cur chuige struchtúrtha ag Foras na Mara i leith bainistíocht a dhéanamh ar úsáid fuinnimh, deiseanna le haghaidh feabhsuithe a aithint, agus tairbhí feidhmíochta fuinnimh intomhaiste a sholáthar.
Cuireann an deimhniú a bhaint amach le clár bunaithe de bhainistíocht fuinnimh atá i bhfeidhm ar fud an Fhorais ó 2016 agus neartaíonn sé a tiomantas i leith astaíochtaí carbóin a laghdú, feabhas a chur ar éifeachtúlacht oibríochtúil, agus cultúr d'fheasacht timpeallachta a chothú i measc na foirne.
Agus í ag labhairt faoin deimhniú, dúirt Toni Hollowell, Bainisteoir Áiseanna, Foras na Mara:
"Is gaisce iontach é an deimhniú ISO 50001 a bhaint amach d’Fhoras na Mara agus is léiriú soiléir é dár dtiomantas i leith cheannaireacht comhshaoil. Deimhníonn an caighdeán seo atá aitheanta ar fud an domhain nach bhfuil bainistíocht fuinnimh mar riachtanas oibríochtúil dúinn amháin, agus go bhfuil sé mar thosaíocht straitéiseach atá curtha i bhfeidhm i ngach cuid dár n-eagraíocht. Ar feadh níos mó ná deich mbliana, tá feabhsuithe á gcur chun cinn againn in éifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht fuinnimh. Aithnítear leis an deimhniú seo na hiarrachtaí seo agus tagarmharc níos airde á shocrú don todhchaí. Mar ghníomhaireacht mara náisiúnta na hÉireann, tá freagracht againn as ceannaireacht mhaith a dhéanamh chun a chinntiú go léiríonn ár n-oibríochtaí luachanna d'inbhuanaitheacht, de nuálaíocht agus de cheannaireacht fhreagrach atá mar bhonn faoinár n-obair. Baineann an rath seo lenár ndaoine. Tá sé mar thoradh ar an díograis, saineolas agus obair foirne de chomhghleacaithe ar fud an Fhorais, a chuir a dtiomantas muid ar ár gcumas an chloch mhíle thábhachtach seo a bhaint amach."
Tacaíonn an deimhniú seo le mianta inbhuanaitheachta níos leithne Fhoras na Mara agus ailíníonn sé le spriocanna náisiúnta ghníomhú ar son na haeráide. Trí fheabhsú leanúnach ar bhainistíocht fuinnimh, tá an Foras ag cur le haistriú na hÉireann i dtreo geilleagar ísealcharbóin agus á chinntiú go bhfuil freagracht comhshaoil fós lárnach dár misean agus ngníomhaíochtaí.
Trí dheimhniú ISO 50001 a bhaint amach, téann Foras na Mara le pobal atá ag fás d'eagraíochtaí ar fud an domhain atá ag baint úsáide as dea-chleachtais atá aitheanta go hidirnáisiúnta chun feabhas a chur ar fheidhmiú fuinnimh, tionchar comhshaoil a laghdú, agus luach inbhuanaithe fadtéarmach a chruthú.
CRÍOCH
